Is é is aidhm d'imeachtaí Sheachtain um Ghníomhú ar son na hAeráide Chontae an Lú aird an phobail a mhealladh agus iad a spreagadh
Cuirfear tús le Seachtain um Ghníomhú ar son na hAeráide Chontae an Lú, a bheidh ar siúl ón 14ú go 20ú Deireadh Fómhair 2024, le tionscnaimh maidir le huaschúrsáil éadaí agus feasacht a spreagadh i dtaobh cúrsaí fuinnimh agus imeachtaí a bhfuil Oíche Shamhna mar théama acu.
Cuirfear tús leis an bhfeachtas náisiúnta chun gníomhú uile-sochaí ar son na haeráide a spreagadh trí shoilsiú glas a chur ar fhoirgnimh phoiblí.
Tá foireann Chomhairle Contae Lú um Ghníomhú ar son na hAeráide i gceannas ar shraith imeachtaí chun an gníomhú ar son na haeráide a chur i láthair agus a spreagadh ar fud an chontae.
Cuirfear tús le ceardlann uaschúrsála éadaí i Leabharlann Dhún Dealgan Dé Máirt 15ú Deireadh Fómhair. Beidh Aga Hutcheson, saineolaí ar an bhfaisean inbhuanaithe, ag tabhairt comhairle ó 10pm-12pm i dtaobh éadaí a uaschúrsáil agus a dheisiú.
Bíodh do bhróga rothaíochta réidh agat do ‘Dhúshlán na Rothar aclaíochta is na gCaoineog ’ Dé Céadaoin 16ú Deireadh Fómhair ag ‘The Still’ ar fhearann Leabharlann Dhún Dealgan ó 1pm go 4pm. Spreagfaidh an dúshlán gearr spraíúil seo na rannpháirtithe go léir caoineog shláintiúil a dhéanamh agus a ól agus iad ag foghlaim faoi mhaireachtáil shláintiúil agus faoi fheasacht maidir le cúrsaí fuinnimh. Beidh ceardlann deisiúcháin agus cothabhála rothar saor in aisce ar an lá freisin, agus leideanna agus treoir ar fáil maidir leis an gcaoi le rothair a dheisiú agus a choinneáil ag rith go maith, agus daoine a spreagadh rothaíocht a roghnú mar mhodh taistil atá inbhuanaithe agus neamhdhíobhálach don aeráid.
Beidh ceardlann fuinnimh baile ar siúl i dTeach an Mhargaidh, Dún Léire ar an Déardaoin 17ú Deireadh Fómhair, ina mbeidh Comhar Creidmheasa Dhroichead Átha mar óstaigh ar Lá na ‘n-Iasachtaí Glasa’. Ag an ócáid sin, díreofar ar fhuinneamh agus ar fhuinneamh in-athnuaite agus féachfar ar roghanna airgeadais chun tacú leis an aistear glas.
Labhróidh an t-údar Oisin McGann le daoine óga ar fud an Chontae le léargas bríomhar éadrom ar bhunghnéithe an athraithe aeráide agus ar an mbaint atá aige lenár saol laethúil i seimineár gréasáin a chuirfear ar fáil do dhaltaí meánscoile Dé hAoine 18ú Deireadh Fómhair.
Beidh ócáid ‘Bhabhtála Cultacha Oíche Shamhna’ ar siúl i Leabharlann Dhún Dealgan ó 3pm Dé hAoine 18ú Deireadh Fómhair; is deis é seo chun airgead a shábháil agus roghanna níos inbhuanaithe a dhéanamh an Oíche Shamhna seo trí chultacha glana ar féidir iad a chaitheamh a mhalartú. Táthar ag glacadh le bronntanais de chultacha don imeacht anois i Leabharlann Dhún Dealgan.
Cuirfear clabhsúr leis an tseachtain le himeacht inspioráideach a chuirfidh an chumhacht atá ag garraithe scóir i láthair. Reáchtálfar turas thart ar Gharraithe scóir Shaothróirí Dhroichead Átha, le taispeántas ar shábháil síolta agus ar shaothrú gairleoige, ag Reilig Chrois Thigh Líobáin, Tigh Líobáin, Droichead Átha, Co. Lú ó 11pm go 1p.m.
Dúirt Joe McGuinness, Príomhfheidhmeannach Sealadach, Comhairle Contae Lú: “Tá tionchar an athraithe aeráide ar cheann de na dúshláin is suntasaí atá roimh an tsochaí. Mar údarás áitiúil táimid ag oibriú chun timpeallacht níos glaine, níos glaise agus slí mhaireachtála níos inbhuanaithe a thógáil do gach duine i gContae Lú. Deis atá sa tSeachtain um Ghníomhú ar son na hAeráide chun aird a tharraingt ar an raon tionscnamh atá ar bun, agus ar na hathruithe is féidir linn go léir a dhéanamh inár saol laethúil.”
Chun eolas a fháil faoi na himeachtaí déan teagmháil le climateaction@louthcoco.ie
Críoch.