Scéim Scoláireachtaí Gaeltachta Chomhairle Contae Lú 2025

Tá suas le 10 scoláireacht (€300 an ceann) á thairiscint ag Comhairle Contae Lú do mhic léinn dara leibhéal a bhfuil cónaí orthu sa Chontae.

Beidh na scoláireachtaí seo ar fáil do na Coláistí Gaeilge i rith an tsamhraidh 2025 agus tá siad maoinithe go hiomlán ag Comhairle Contae Lú.

Sula gcomhlánaíonn tú an fhoirm iarratais ar líne, léigh na treoirlínte seo go cúramach, le do thoil. Is féidir an fhoirm iarratais ar líne a rochtain ach cuairt a thabhairt ar an nasc seo.  

Ní mór iarratais a chur isteach ar líne roimh an spriocdháta, is é sin, 4.30pm Dé Céadaoin 5 Márta 2025. Ní bhreithneofar iarratais a gheofar i ndiaidh an dáta agus an ama seo. Ní bhreathnófar ar iarratais neamhiomlána.

Ní mór do mhic léinn iarratas ar leith a chur isteach chuig an gcoláiste ar mian leo freastal air. Ní bhaineann an t-iarratas seo ach le scoláireacht agus ní ráthaítear áit sa choláiste.

Má sháraíonn na hiarratais a fhaightear líon na scoláireachtaí atá ar fáil, déanfar crannchur randamach ar an Aoine, 7ú Márta 2025. Cuirfear in iúl duit má éiríonn leat agus foilseofar liosta de na mic léinn ar éirigh leo ar shuíomh Gréasáin Chomhairle Contae Lú.

Gaeltacht-Scholarship-Scheme-02

Tá sé beartaithe ag Comhairle Contae Lú imeacht a óstáil ar an gCéadaoin 12 Márta 2025, áit a dtabharfar cuireadh do dhaltaí rathúla agus dá dtuismitheoirí a bheith i láthair agus a ngradam a fháil.

Cuirfidh Comhairle Contae Lú an scoláireacht seo ar fáil do mhic léinn a d’áirithintí agus a bheartaíonn freastal ar an nGaeltacht i 2025. Mura bhfreastalaíonn mac léinn nó má chuirtear an cúrsa ar ceal, ní mór an scoláireacht a aisíoc le Comhairle Contae Lú. Ní féidir an scoláireacht seo a aistriú go bliain acadúil eile.

Íocfar an scoláireacht roimh ré ach ní mór do gach mac léinn a mbronntar scoláireacht air/uirthi dearbhú ar fhreastal ar Ghaeltacht a chur isteach. Mura gcuirtear an deimhniú seo isteach d’fhéadfadh go n-iarrfaí an scoláireacht a aisíoc leis an Údarás Áitiúil.

Déan tagairt le do thoil do Bheartas Cosanta Sonraí Chomhairle Contae Lú chun eolas a fháil ar an gcaoi a bpróiseálfar do shonraí pearsanta.

Is féidir gach ceist ar an Scoláireacht Gaeltachta a chur chuig Susan Deery, Oifigeach Gaeilge agus is féidir teagmháil a dhéanamh léi trí ríomhphost a sheoladh chuig susan.deery@louthcoco.ie nó 042 9335457