Foireann Imeasctha na nÚdarás Áitiúil (LAIT)

Tá Foireann Imeasctha na nÚdarás Áitiúil (LAIT) ar fáil chun tacaíochtaí comhtháthaithe leanúnacha a sholáthar do dhaoine atá catagóirithe in aon cheann de na grúpaí seo a leanas atá ina gcónaí i gContae Lú.

  • Iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta (IP),
  • Dídeanaithe an Chláir
  • Tairbhithe de Chosaint Shealadach (BOTP)
  • Iad siúd a bhfuil stádas Dídeanaí, Fochosaint, nó Cead Fanachta acu.

Tá an fhoireann comhdhéanta de Chomhordaitheoir Tacaíochta Comhtháthaithe. Beirt Oibrí Tacaíochta Comhtháthaithe agus riarthóir. Tá sé mar aidhm againn daoine in aon cheann de na grúpaí seo a nascadh le soláthraithe seirbhíse áitiúla a oireann do riachtanas an duine. Feidhmeoimid mar phointe teagmhála díreach chun faisnéis, treoir agus comhairle a sholáthar maidir le fiosrúcháin, de réir mar a thagann siad chun cinn.

Soláthróidh an fhoireann Imeasctha comharthaíocht chuig na seirbhísí a theastaíonn chun fostaíocht a fháil agus chun inniúlacht sa Bhéarla a fhorbairt,. Rochtain a fháil ar chúram leanaí agus ar sheirbhísí cúram sláinte agus chun nascadh le gníomhaíochtaí spóirt agus gníomhaíochtaí áitiúla/pobail eile.

Más mian leat teagmháil a dhéanamh linn le do thoil seol ríomhphost chuig integration@louthcoco.ie